Athruithe ar Ráta Dola M50 2026
Mar ghell ar bhoilsciú méadaithe, tá sé i gceist rátaí dola an M50 a mhéadú ón 1 Eanáir 2026. Beidh na rátaí dola nua seo a leanas i bhfeidhm:
| CINEÁL FEITHICLE | Clib | Físeán | Neamhchláraithe |
| Gluaisteáin Mótair (suas le hochtar paisinéirí agus tiománaí) | €2.60 | €3.20 | €3.80 |
| Feithiclí earraí nach mó ná 2,000kg | €3.60 | €4.20 | €4.90 |
| Busanna nó Cóistí (níos mó ná 8 bpaisinéir) | €3.60 | €4.20 | €4.90 |
| Feithiclí earraí idir 2,000 kg agus 10,000kg | €5.20 | €5.90 | €6.50 |
| Feithiclí earraí os cionn 10,000kg | €6.50 | €7.20 | €7.80 |
Ón 1 Eanáir 2026, cén tionchar a bheidh ag na hathruithe dola ar úsáideoirí an M50?
- Athróidh rátaí dola do gach úsáideoir cláraithe (Clib agus cuntas físeáin M50 saor in aisce*).
- Níl aon mhéadú ann do ghluaisteáin neamhchláraithe le clib ná cuntas físeáin M50 saor in aisce.
- Athróidh rátaí dola do roinnt úsáideoirí neamhchláraithe:
- Móide €0.10 do bhusanna nó cóistí neamhchláraithe le níos mó ná 8 paisinéirí, feithiclí earraí nach mó ná 2,000kg, feithiclí earraí idir 2,000kg agus 10,000kg agus feithiclí earraí os cionn 10,000kg.
- Móide €0.20 do fheithiclí earraí os cionn 10,000kg (lena n-áirítear tarracóirí agus feithiclí altacha) i gcás dolaí físeáin agus móide €0.10 i gcás dolaí clibe.
**Oireann dolaí físeáin ar an M50 go hiontach d’úsáideoirí nach n-úsáideann an dola go minic, agus buntáistí ann ar nós laghdú €0.60 ar gach dola ar an M50, íocaíochtaí uathoibríocha, agus gan a bheith buartha faoin spriocdháta íocaíochta dola.
Is bonneagar poiblí é mótarbhealach an M50 atá faoi úinéireacht Stát na hÉireann agus é riartha ag Bonneagar Iompair Éireann (TII). Oibríonn eFlow an M50 thar ceann TII.
Is foinse ríthábhachtach maoinithe í dolaí chun an Líonra Bóithre Náisiúnta a oibriú agus a chothabháil.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na hathruithe ar rátaí dola, cliceáil anseo.