
Ráiteas Inrochtaineachta
Tá eFlow.ie tiomanta do:
A chinntiú go gcoinníonn an suíomh gréasáin seo comhréireacht “Leibhéal AA” leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2., chun cloí le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hInrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise arna Soláthar ag Comhlachtaí Poiblí. A chinntiú go gcomhlíonann agus go gcoinníonn gach faisnéis nua ar an suíomh gréasáin comhréireacht “Leibhéal AA” leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2, lena n-áirítear inrochtaineacht nuair a cheannaímid córais tríú páirtí nó nuair a dhéanaimid uasghráduithe ar chórais atá ann cheana féin.
Sainmhíníonn Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2 ceanglais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas. Déantar athbhreithniú ar an suíomh gréasáin eFlow seo gach mí lena chinntiú go bhfuil aon athruithe/breisithe i gcomhréir le “Leibhéal AA” de na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2
Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an ráiteas seo ar an 15ú Lúnasa 2025. Leagtar amach na modhanna a úsáideadh chun an ráiteas a ullmhú in Airteagal 3(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún agus ag Údarás Náisiúnta Míchumais.
Féadfaidh daoine faoi mhíchumas, nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann, gearán a dhéanamh le eFlow má mheasann siad nár chomhlíon an eagraíocht forálacha Ailt 25, 26, 27 & 28 den Acht um Míchumas 2005.
Fáiltíonn eFlow roimh d’aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo. Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar ábhar ar shuíomh gréasáin eFlow, faisnéis a iarraidh, nó é a úsáid ar chúiseanna inrochtaineachta, déan teagmháil linn tríd an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’. Déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar gach teagmháil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná dhá lá oibre tar éis iad a fháil.