Cúlra Meirge
Document

Fógra um Chosaint Sonraí eFlow

a) Maidir le BIÉ

Is é Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”) ainm oibríochta an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (“ÚBN”) i ndiaidh dhíscaoileadh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnróid agus aistriú a fheidhmeanna chuig an ÚBN de réir Acht na mBóithre 2015. Is é príomhsheoladh BIÉ ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.

b) Maidir le eFlow

Is ainm gnó cláraithe de chuid BIÉ é eFlow (is tagairtí do Bhonneagar Iompair Éireann iad tagairtí do “eFlow” san fhógra seo). Feidhmíonn eFlow (BIÉ) an córas dolaí gan bhacainní ar mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath agus is soláthraí clibeanna leictreonacha é freisin lena n-úsáid i ndáil le híocaíocht dolaí ar gach bóthar dola i bPoblacht na hÉireann.  

Tá Turas Mobility Services Ltd (“Turas”) ceaptha ag BIÉ chun seirbhísí dolaí agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar i ndáil le hoibriú chóras dolaí gan bhacainní eFlow. 

Is é eFlow (BIÉ) rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear i gcomhréir leis an bhfógra seo. Ós rud é go n-oibríonn Turas seirbhís dolaí eFlow thar ceann BIÉ, gníomhaíonn sé go ginearálta mar phróiseálaí aon sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear i ndáil leis na seirbhísí sin.

Is é cuspóir an fhógra seo ná tú a chur ar an eolas faoi na sonraí pearsanta a bhaineann leat a d’fhéadfadh eFlow a bhailiú agus a phróiseáil chun seirbhísí bóthair dola a sholáthar agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtuithe do thríú páirtithe) a d’fhéadfadh eFlow a bhaint as na sonraí pearsanta sin. 

Tá meas iomlán ag eFlow ar do cheart chun príobháideachta agus tá sé tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint. Déantar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil le gnó eFlow a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme. 

Tá faisnéis maidir le próiseáil do shonraí pearsanta nuair a théann tú chuig an suíomh gréasáin eflow.ie ar fáil ar fhógra príobháideachta shuíomh gréasáin eFlow.

Tá próiseáil sonraí pearsanta riachtanach chun seirbhísí bóthair dola a sholáthar do chustaiméirí eFlow cláraithe agus neamhchláraithe (lena n-áirítear custaiméirí a úsáideann Suíomh Gréasáin eFlow agus an Aip eFlow: My Tolls agus a dhéanann teagmháil le eFlow ar an teileafón nó tríd an bpost). Féadfaidh eFlow cuid de na sonraí pearsanta seo a leanas nó iad uile a bhaineann leat a bhailiú agus a phróiseáil: 

 

Catagóir sonraí pearsantaCur síos

Sonraí cuntais chláraithe

(i.e. úsáideoirí bóithre dola a bhfuil cuntas eFlow cláraithe acu, a d'fhéadfadh a bheith ina chuntas príobháideach, ina chuntas gnó nó ina chuntas cabhlaigh. Ligeann cuntas gnó d'úsáideoir cláraithe táillí dola a bhainistiú do chúig fheithicil chuideachta nó níos mó. Ligeann cuntas cabhlaigh d'úsáideoir cláraithe cabhlach de níos mó ná fiche feithicil a bhainistiú.)

  • Ainm iomlán
  • Sonraí teagmhála lena n-áirítear do sheoladh poist (lena n-áirítear Eircode má roghnaíonn tú é a sholáthar), seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin teagmhála
  • Uimhirphláta agus íomhá a gabhadh den chéanna ó thuras M50
  • Uimhir thagartha an turais
  • Soláthraí clibe agus uimhir chlibe
  • Sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair nó dochair dhírigh
  • Stair íocaíochta faisnéise faoi phasáiste bóthair dola
  • Taifeadtaí comhfhreagrais agus comhráite teileafóin le eFlow
  • I gcás cuntas gnó nó cuntas cláraithe le cabhlach, féadfaimid ainm léas-sealbhóir na feithicle/na bhfeithiclí a bhailiú chomh maith le húinéir na feithicle/na bhfeithiclí i gcás inarb ábhartha
Sonraí cuntais neamhchláraithe (i.e. úsáideoirí bóithre dola nach bhfuil cuntas cláraithe acu le eFlow).
  • Ainm iomlán
  • Seoladh poist, lena n-áirítear Eircode más mian leat é a sholáthar, (agus ó am go chéile, d’uimhir theileafóin nó do sheoladh ríomhphoist más mian leat fógraí eFlow a fháil)
  • Uimhirphláta agus íomhá a gabhadh den chéanna ó thuras M50
  • Uimhir thagartha an turais
  • Stair íocaíochta
  • Stair an turais
  • Taifeadtaí comhfhreagrais agus comhráite teileafóin le eFlow
  • Uimhir PIN
Rochtain thapa ar shonraí cuntais (i.e. úsáideoirí bóithre dola a d’oscail cuntas ar an aip eFlow: My Tolls ach nach bhfuil cuntas eFlow cláraithe acu)
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhirphláta
  • Stair íocaíochta agus stair an turais
  • Uimhir thagartha an turais
  • Taifeadtaí comhfhreagrais agus comhráite teileafóin le eFlow
  • Sonraí cárta creidmheasa nó cárta dochair
Sonraí cumarsáide

Nuair a dhéanann tú teagmháil le eFlow ar an bhfón, trí ríomhphost nó trí shuíomh gréasáin eFlow (m.sh. trí Chomhrá Gréasáin, ar an bhFoirm Fiosrúcháin Ghinearálta, an Fhoirm Achomhairc Pionóis, an Fhoirm Fiosrúcháin ar Thuras nó an Fhoirm Fiosrúcháin ar Íocaíocht), taifeadann eFlow sonraí na cumarsáide sin (m.sh. taifid chomhfhreagrais, teachtaireachtaí gréasáin, comhfhreagras litreacha/facs, taifeadtaí glaonna gutháin lena n-áirítear logaí glaonna gutháin, srl.) agus aon sonraí eile a d'fhéadfá a sholáthar. D'fhéadfadh sé seo a bheith san áireamh, i measc rudaí eile:

  • Ainm iomlán
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhirphláta
Sonraí íocaíochtaíChun críche íocaíochtaí a phróiseáil, féadfaidh eFlow sonraí dochair dhírigh, sonraí cárta creidmheasa nó cárta dochair a bhailiú, lena n-áirítear trí Sparán Digiteach.
Sonraí Feithicle Díolmhaithe
  • Uimhirphláta agus íomhá a gabhadh ó thuras M50
  • Uimhir thagartha an turais
  • Soláthraí clibe agus uimhir chlibe
Sonraí Suirbhé Sástachta Custaiméirí
  • Ainm agus sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist agus, más mian leat go ndéanfaí teagmháil leat, d’uimhir theileafóin phóca)
  • Uimhir chuntais (i gcás custaiméirí cláraithe)
  • Cineál feithicle
  • Sonraí an chuntais (i gcás custaiméirí cláraithe)
  • Freagraí suirbhé (lena n-áirítear tuairimí focal ar fhocal)
  • Uimhirphláta

 

De ghnáth, bailítear na sonraí pearsanta a bhaineann leat a fhaigeann eFlow go díreach uait (m.sh. nuair a úsáideann tú seirbhísí eFlow, lena n-áirítear nuair a thiomáineann tú ar Bhóthar Dola an M50 nó nuair a bhíonn tú i dteagmháil linn tríd an bpost nó trí shuíomh gréasáin eFlow, an aip eFlow: My Tolls nó ar an teileafón).  

Chomh maith le faisnéis a bhailiú uait go díreach, féadfaidh eFlow faisnéis fút féin agus faoi do fheithicil a fháil nó a bhailiú ó na foinsí seo a leanas: 

  • an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe, i gcomhréir le húdarás reachtach sonrach;
  • údaráis cheadúnaithe feithiclí eachtracha, sna tíortha ina bhfuil an fheithicil cláraithe;
  • cuideachtaí cíosa feithiclí, chun go mbeidh eFlow in ann teagmháil a dhéanamh leat agus an íocaíocht as do thuras a iarraidh;
  • oibreoirí comhoiriúnacha i ndáil le próiseáil idirbhearta dolaí idir-inoibritheacha (áirítear leis na hoibreoirí comhoiriúnacha (i) oibreoirí bóithre dolaí eile, nuair a úsáideann tú an chlib leictreonach eFlow ar na bóithre dolaí sin agus (ii) soláthraithe clibeanna eile, má úsáideann tú clib leictreonach arna heisiúint ag an soláthraí clibeanna sin chun íoc as turais dolaí ar an M50);
  • taifeadtaí grianghrafadóireachta agus físe pasáiste dola do gach feithicil a úsáideann bóthar dola an M50; agus
  • ceamaraí/TCI ar an M50. 

Úsáidimid féin agus soláthraithe seirbhíse tríú páirtí atá ag gníomhú thar ár gceann na sonraí pearsanta a thuairiscítear thuas. Is iad seo a leanas na bunúis dhlíthiúla ar a mbailímid, a phróiseálaimid agus a n-aistreoimid do shonraí pearsanta chun na gcríoch seo:

  • i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun oibleagáidí dlíthiúla agus rialála BIÉ a chomhlíonadh (“Oibleagáid Dhlíthiúil”);
  • i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe do BIÉ (“Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil”);
  • i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun conradh leat a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil sé riachtanach céimeanna a ghlacadh ar d’iarratas sula ndéantar conradh leat (“Conradh”); agus
  • do thoiliú (“Toiliú”), i gcás ina bhfuil sé seo amhlaidh iarrfar ort léiriú dearfach a thabhairt ar an toiliú sin.

Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála agus bunúis dhlíthiúla gaolmhara

Próiseálann eFlow sonraí pearsanta chun: 

 

CuspóiríCatagóirí sonraí pearsantaBunúis dlíthiúil
Chun a chinntiú go bhfaightear íocaíocht ó gach úsáideoir bóthair a úsáideann seirbhísí eFlow i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla BIÉ

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Sonraí íocaíochta

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fho-dhlí 5 de na Fho-dhlíthe don M50 (idir Acomhail 6 agus 7) (na “Fodhlíthe M50”)

 

Conradh (i ndáil le custaiméirí cláraithe eFlow) 

 

Seirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse tríú páirtí

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Sonraí cumarsáide

 

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 63 d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) 
Freagairt a thabhairt ar cheisteanna agus gearáin agus achomhairc i gcoinne litreacha pionóis

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Sonraí cumarsáide

 

Conradh (i ndáil le custaiméirí cláraithe eFlow)

 

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)

Imeachtaí (sibhialta agus coiriúla) a thionscnamh maidir le dolaí neamhíoctha

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Sonraí cumarsáide

 

Sonraí íocaíochta

 

 

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil de bhun ailt 59(1) agus 81(3)(b) d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)

Chun cloí le hoibleagáidí reachtúla eile BIÉ

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Sonraí cumarsáide

 

Sonraí íocaíochta

 

Oibleagáidí Dlíthiúla faoi Chuid V d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus faoi Fho-Dhlíthe an M50

 

I gcás ina bhfuil tú cláraithe mar chustaiméir eFlow, chun do chuntas a riaradh agus a chothabháilSonraí cuntais chláraitheConradh
I gcás ina bhfuil tú cláraithe mar chustaiméir eFlow, chun ligean duit táillí neamhíoctha Bhóthar Dola an M50 a bhogadh chuig do Chuntas (baineann sé seo le táillí a thabhaítear nuair a bhí tú féin nó tríú páirtí a bhfuil a fheithicil á cur agat le do chuntas cláraithe ina gcustaiméirí neamhchláraithe)

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fho-dhlí 5 de na Fho-dhlíthe don M50 (idir Acomhail 6 agus 7) (na “Fodhlíthe M50”)

 

Toiliú

Más sealbhóir cuntais rochtana thapa thú ar an aip eFlow: My Tolls, chun do chuntas a riaradh agus a chothabháilSonraí cuntais rochtain thapa

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)

 

Conradh

I gcás ina bhfuil tú i do chustaiméir eFlow neamhchláraithe, chun sonraí iarmhéide agus faisnéis ghaolmhar faoi phasáistí a sholáthar duitSonraí cuntais neamhchláraitheLeas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)
I gcás nach custaiméir eFlow cláraithe thú, uimhir PIN a sholáthar duit má iarrann tú éSonraí cuntais neamhchláraitheLeas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)
Chun fógraí a chur ar fáil duit trí do mhodh cumarsáide is fearr leat

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

 

Toiliú (i ndáil le custaiméirí eFlow neamhchláraithe agus sealbhóirí cuntas tapa)

 

Conradh (i ndáil le custaiméirí cláraithe eFlow)

 

Chun a chinneadh an bhfuil do fheithicil díolmhaithe ó Tháillí Dola an M50Sonraí feithicle díolmhaitheLeas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 62 d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fho-dhlí 12 de Fho-dhlíthe an M50
Suirbhéanna sástachta custaiméirí a dhéanamh

Sonraí cuntais chláraithe

 

Sonraí cuntais neamhchláraithe

 

Sonraí cuntais rochtain thapa

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) 

 

– is rud go hiomlán deonach é suirbhéanna a chomhlánú

Is é an bunús dlíthiúil ar a mbailímid, a phróiseálaimid agus a n-aistreoimid catagóirí speisialta sonraí a bhaineann leat (m.sh. sonraí a bhaineann le sláinte) ar an mbealach a thuairiscítear thuas ná Leas an Phobail agus Toiliú (go sonrach, do thoiliú sainráite leis an bpróiseáil sin). 

Is é an bunús dlíthiúil le do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha imeachtaí coiriúla ná comhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla ag BIÉ maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú i ndáil le dolaí neamhíoctha.

I dtaca leis an méid thuas, féadfaidh eFlow do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig soláthraithe seirbhíse san India, sa Nua-Shéalainn, san Airgintín, sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. I gcúinsí den sórt sin, cinntíonn eFlow go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun a chuid oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin a chomhlíonadh. 

Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach a chinneadh, ar bhonn Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (an RGCS), an dtugann tír lasmuigh den AE leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí. Maidir leis seo, braitheann eFlow ar na cinntí leordhóthanachta i leith aistrithe chuig InnoCraft Ltd. sa Nua-Shéalainn, W5 Marketing Intelligence Ltd. agus Euro Parking Collection plc (EPC) sa Ríocht Aontaithe agus chuig Kapsch Trafficom Argentina SA san Airgintín (féach tuilleadh sonraí thíos). 

Déantar aistrithe chuig MOJO Web Solutions LLC sna Stáit Aontaithe agus VPTI Solutions Private Limited san India ar bhonn conarthaí lena rialaítear aistrithe den sórt sin ina bhfuil 'clásail chonarthacha caighdeánacha' arna gceadú ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta atá déanta ag eFlow ina leith seo ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag baint úsáide as na sonraí teagmhála atá léirithe thíos.  

I ndáil le eFlow, is iad seo a leanas príomhfhaighteoirí sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag BIÉ:

Faighteoir Sonraí PearsantaCuspóirí na Próiseála
Turas Mobility Services Ltd.Chun eFlow a oibriú agus a bhainistiú
Abtran Unlimited CompanyFochóras bealaí custaiméirí a óstáil agus a oibriú
Pierse Fitzgibbon Solicitors LLP Seirbhísí forfheidhmithe a sholáthar le haghaidh dolaí neamhíoctha ag feithiclí intíre
Euro Parking Collection plcSoláthar seirbhísí bailiúcháin agus forfheidhmithe le haghaidh dolaí neamhíoctha a thabhaítear ag feithiclí atá cláraithe thar lear
VPTI Solutions Private LimitedSeirbhísí tacaíochta i ndáil le hoibriú eFlow
ViaPlus Europe Limited Seirbhísí tacaíochta i ndáil le hoibriú eFlow
Kapsch Trafficom Argentina S.A.Tacaíocht agus réiteach fadhbanna i ndáil le híomhánna a gabhadh
W5 Marketing Intelligence LimitedStóráil sonraí i ndáil le suirbhéanna custaiméirí
Payzone Ireland LtdSoláthar seirbhísí íocaíochta cárta
InnoCraft Ltd (Matomo)Seirbhísí anailísíochta sonraí do shuíomh gréasáin eFlow agus eFlow: Aip My Tolls
MOJO Web Solutions LLCForbairt, tacaíocht agus cothabháil shuíomh gréasáin eFlow agus aip eFlow: My Tolls

Féadfaimid aon cheann de do shonraí pearsanta atá mionsonraithe sa chuid “Sonraí Pearsanta arna bPróiseáil ag eFlow” thuas a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na críocha thuas, sna himthosca seo a leanas: 

  • Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt lenár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse (chomh maith le fochonraitheoirí na bpáirtithe sin) a chabhraíonn linn le hoibriú gnéithe dár seirbhísí agus feidhmeanna, amhail ár gconraitheoirí baincéireachta agus priontála/comhfhreagrais poist, údaráis cheadúnaithe feithiclí eachtracha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.
  • I gcás ina gceapfaimid oibreoir nua eFlow, féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt leis an oibreoir nua seo chun an t-aistriú rathúil chuig an oibreoir nua a éascú agus chun leanúnachas seirbhíse a chinntiú do chustaiméirí eFlow le linn aon tréimhse aistrithe.
  • I gcás ina bhfuil dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht eFlow, ár gcustaiméirí, nó daoine eile a chosaint.
  • I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear faoin dlí é, féadfaimid do shonraí pearsanta a roinnt le húdaráis phoiblí agus comhlachtaí eile, amhail na Gardaí nó údaráis forfheidhmithe dlí eile chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú.
  • I dtaca le próiseáil idirbhearta dolaí idir-inoibritheacha in Éirinn, féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’oibreoir comhoiriúnach ábhartha.
  • Féadfaimid sonraí pasáiste dolaí a roinnt le geallsealbhóirí tábhachtacha, m.sh. an Roinn Iompair, chun críocha taighde agus anailíse staitistiúla.
  • Chun críche comórtais a reáchtáil thar ceann BIÉ, féadfaimid d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus na roghanna margaíochta a chuir tú ar fáil dúinn a nochtadh, faoi réir do thoilithe.
  • I gcás ina gceadaítear dúinn a mhalairt de réir dlí. 

Go ginearálta, ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche nó na gcríoch ar chucu a fuarthas iad, lena n-áirítear chun críocha aon cheanglais dhlíthiúla, chuntasaíochta nó tuairiscithe a chomhlíonadh. Bíonn na tréimhsí coinneála éagsúil ag brath ar an gcineál catagóirí sonraí pearsanta a choimeádtar. 

Chun an tréimhse choinneála chuí le haghaidh sonraí pearsanta a chinneadh, breithnímid méid, cineál agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála ó úsáid nó nochtadh neamhúdaraithe do shonraí pearsanta, na cuspóirí a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta chucu agus cibé an féidir linn na cuspóirí sin a bhaint amach trí mhodhanna eile, agus na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme. Tá tuilleadh eolais shonraigh maidir lenár gcleachtais choinneála i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála a pléadh thuas ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag baint úsáide as na sonraí teagmhála a léirítear thuas.  

Níl aon oibleagáid reachtúil ort aon sonraí pearsanta a sholáthar do eFlow. Mar sin féin, tá píosaí áirithe faisnéise ann a chaithfidh tú a sholáthar dúinn chun cuntas eFlow a oscailt nó chun dola nó pionós a íoc (m.sh. d’ainm, do shonraí teagmhála agus sonraí íocaíochta). Mura bhfaighimid an fhaisnéis seo, beidh tionchar aige seo ar ár gcumas (i) d’iarratas a phróiseáil; agus/nó (ii) d’íocaíocht a phróiseáil (rud a d’fhéadfadh imeachtaí forfheidhmithe a bheith mar thoradh air). 

Coinnítear na sonraí pearsanta a phróiseálaimid ar fhreastalaithe slána atá á n-óstáil ag Turas Mobility Services Ltd. Tá bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí glactha ag eFlow chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar phróiseáil neamhdhleathach, caillteanas de thaisme, scriosadh nó damáiste. Cinnteoimid freisin go bhfuil sé de dhualgas ar ár ngníomhairí nó ar ár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí do shonraí a choinneáil slán sábháilte. 

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta: 

  • An ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí – Tá sé de cheart agat cóip de na sonraí pearsanta atá againn fút a iarraidh, mar aon le faisnéis eile faoinár bpróiseáil ar na sonraí pearsanta sin.
  • An ceart chun ceartúcháin – Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfar aon sonraí míchruinne atá againn fút a cheartú, nó má tá faisnéis neamhiomlán againn féadfaidh tú a iarraidh orainn an fhaisnéis a nuashonrú sa chaoi is go mbeidh sí iomlán.
  • An ceart chun scriosadh – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn sonraí pearsanta atá againn fút a scriosadh. Uaireanta tugtar an ceart chun dearmad a dhéanamh ort air seo.
  • An ceart chun srian a chur ar phróiseáil – Tá sé de cheart agat a iarraidh nach ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil a thuilleadh chun críocha áirithe.
  • An ceart agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta – Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne ár bpróiseála ar do shonraí pearsanta chun críocha áirithe.
  • An ceart chun iniomparthacht sonraí – Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta, a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha atá inléite ag meaisín agus a úsáidtear go coitianta nó a cheangal orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile.
  • An ceart chun do thoiliú a tharraingt siar – áit a bhfuil ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha agat, tá sé de cheart agat do thoiliú leis an bpróiseáil a tharraingt siar tráth ar bith.

Tabhair faoi deara nach cearta absalóideacha iad na cearta seo agus go bhfuil siad faoi réir srianta agus díolúintí áirithe. Mar shampla, ní bheidh feidhm ag an gceart chun sonraí pearsanta a scriosadh i gcás ina bhfuil cúis dhlisteanach againn leanúint de na sonraí sin a choinneáil agus féadfaimid leanúint de do shonraí pearsanta a phróiseáil, in ainneoin agóid uait, i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre againn don phróiseáil a sháraíonn do leasanna, do chearta agus do shaoirsí.

Chun aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos.. 

Má tá aon cheist nó gearán agat faoinár n-úsáid de do shonraí pearsanta, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí eFlow ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos. Nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ mar seo a leanas: 

  • tríd an bpost: Oifigeach Cosanta Sonraí, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10
  • ar an bhfón: +353 1 646 3600
  • trí ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Is féidir tuilleadh eolais faoi chosaint sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie

Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideadh d’fhaisnéis nó ar chomhlíonamar do chearta. Is féidir sonraí faoi conas gearán a thaisceadh a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le eFlow ar na bealaí seo a leanas: 

  • tríd an bpost: Oifigeach Cosanta Sonraí, Turas Mobility Services Limited, Bloc 8, Ionad Fhearchair, Bealach Charlotte, Baile Átha Cliath, D02 K580
  • trí ríomhphost: dataprotection@eflow.ie
  • ar an bhfón: 0818 50 10 50 (Idirnáisiúnta: +353 1 4610122)
  • trí úsáid a bhaint as an gComhrá Gréasáin leis an bhfoireann eFlow nó as an bhFoirm Fiosrúcháin Ghinearálta ar shuíomh gréasáin eFlow

Féadfaimid an Fógra Cosanta Sonraí seo a leasú ó am go ham. Aon athruithe ábhartha a dhéanaimid ar an bhFógra Cosanta Sonraí seo amach anseo, cuirfear ar ár suíomh gréasáin iad (www.eflow.ie). Nuashonraíodh an Fógra Cosanta Sonraí seo go deireanach ar an 20 Meitheamh 2025.