Cúlra Meirge
News

Nuacht

Siar Go dtí Nuacht

Ag cur síolta an lae amárach: tá eFlow chun 10,000 crann dúchais a chur i scoileanna ar fud na hÉireann

The image shows a group of people including school students and teachers standing in a green outdoor space. The group is holding two sign boards which are logos of eFlow and TII.

Tá eFlow, oibreoir dolaí saor ó bhacainní ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann, i gcomhpháirtíocht arís leis an bhfiontar sóisialta An Bhithéagsúlacht sna Scoileanna chun tacú lena dtionscnamh Coill na nÓg, ceann de na tionscadail plandála crann is mó in Éirinn san oideachas.

Is é is aidhm don chomhpháirtíocht trí bliana os cionn 10,000 crann a chur. Tar éis na chéad bhliana a bhí thar a bheith rathúil in 2024, inar cuireadh os cionn 4,000 crann dúchasach Éireannach i scoileanna ar fud na tíre, is ábhar bróid é do eFlow leanúint ar aghaidh mar phríomhurraitheoir an chláir in 2025. 

Is feachtas crann agus fálta sceach dúchasach do scoileanna ar fud na hÉireann é Coill na nÓg (a chiallaíonn foraois na leanaí i nGaeilge). Is é is aidhm don tionscadal daltaí scoile a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa bhithéagsúlacht agus i ngníomhú ar son na haeráide agus oidhreacht bhuan chomhshaoil a fhágáil ina bpobail ag an am céanna. 

In 2024, fuair 263 scoil trealamh plandála do chrainn dhúchasacha, rud a chuir ar chumas na ndaltaí agus na múinteoirí a gcrainn féin a phlandáil agus aire a thabhairt dóibh ar thailte scoile. Chomh maith leis na trealamh plandaithe a mhaoiniú, rinne eFlow urraíocht ar thrí sheomra ranga lasmuigh mar dhuaiseanna do chomórtas Coill na nÓg, ag soláthar spásanna tiomnaithe chun leanúint ar aghaidh ag iniúchadh na bithéagsúlachta agus an oideachais chomhshaoil i rith na bliana. Seo thíos cúpla cuimhne cinn ó na scoileanna a bhuaigh anuraidh, ina leagtar béim ar an gcaoi ar shaibhrigh an tionscnamh a dtimpeallachtaí foghlama.

Dúirt Gillian Fallon ó True Nature Sudbury School, an Mhí, “Tá ár suíocháin bhinse anois ansin ina gcuid luachmhar den chlós, iad ag feidhmiú mar láthair bhailithe d'fhógraí chiorcail na maidine agus mar áit le haghaidh súgartha agus scíthe i rith an lae. Le cabhair ónár bplandálaí nua, tá na daltaí tar éis a bheith ag fás glasraí, torthaí agus bláthanna, rud atá tar éis leibhéal breise cruthaitheachta agus áthais a thabhairt dár gclubanna bácála agus cócaireachta .”

Thug Aisling Collins ó Phobalscoil Ghort Inse Guaire, Gaillimh an méid seo a leanas chun suntais, “Fuaireamar suíocháin chiorclacha, a shocraíomar ina leathchiorcal, agus anois tá sé mar fhócas ag an oiread sin gníomhaíochtaí don dúlra. Tá luibhghairdín mór, ina cheapach ardaithe againn, chomh maith le lusanna liatha curtha timpeall na suíochán again. Úsáideann gach grúpa daltaí agus fiú na múinteoirí an spás seo chun suí síos agus taitneamh a bhaint as a bheith lasmuigh faoin spéir. Bainimid úsáid as an spás mar fhócas do go leor gníomhaíochtaí áineasa agus dúlra, mar shampla Jenga lasmuigh, ár míreanna mearaí bithéagsúlachta, gníomhaíochtaí a bhaineann le spriocanna forbartha inbhuanaithe, ócáidí glantacháin dúlra, agus cluichí eile lasmuigh. Mar mhúinteoirí is minic a thugaimid ranganna amach (ar nós rang Béarla, rang Reiligiúin agus eile), chun ár gceachtanna a dhéanamh amuigh faoin aer san atmaisféar síochánta.”

Dúirt Michelle McGuinness ó Ardscoil Chiarán Naofa, Clóirtheach, "Míle buíochas le gach duine a bhfuil baint acu leis an mBithéagsúlacht sna Scoileanna agus le eFlow as tionscadal Choill na nÓg. Is breá leis na daltaí go mór an seomra ranga seo atá acu amuigh faoin aer, is iontach an rud é don scoil. Tá na ranganna i ngach scoilbhliain ag baint leas as le haghaidh siúlóidí, am folláine, am lóin, etc. Bhí daltaí ag tabhairt aire don ghairdín san ionad, is breá leo an miontas, an t-oragán, an lus liath agus na lusanna buí atá istigh ann. Lena chois sin táimid ag iarraidh an limistéar don Talmhú a fheabhsú mar chuid den chlár Folláine sa scoil. Tá sé á úsáid ag lucht na hArdteistiméireachta agus ag Aonad Uathachais na Brosnaí chun cabhrú leo faoiseamh a fháil ó strus agus aird a thabhairt ar an dúlra - is breá leo an crann darach; siombail Cheilteach a bhaineann go dlúth le crann na beatha."

Tá an tionscnamh oscailte do gach réamhscoil, bunscoil agus meánscoil ar fud Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Seachadfar acmhainní do na scoileanna rathúla agus tacófar leo trí acmhainní agus oiliúint ar líne. Ina theannta sin, tá gach scoil ar fud na hÉireann á spreagadh chun dul amach faoin aer an fómhar/geimhreadh seo agus iniúchadh a dhéanamh ar a gcoillearnacha agus ar a bhfálta sceach áitiúla. Is féidir le scoileanna cur isteach ar an gcomórtas trína n-eachtraí lasmuigh a roinnt ar na meáin shóisialta nó trí iontráil ríomhphoist dhíreach; roghnófar trí scoil bhuacacha chun seomra ranga lasmuigh faoi spéir ar fiú €4,000 é a bhuachan.

Ag labhairt dó ar an seoladh, dúirt Mark Nolan, Stiúrthóir na Bithéagsúlachta sna Scoileanna: “Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh deis ag ár ndaoine óga iniúchadh a dhéanamh ar ár gcrainn agus ar ár bhfálta sceach iontacha. Tá sé riachtanach mar sin go mbeadh na hacmhainní seo ag scoileanna ar a dtailte mar uirlis oideachais, gan trácht ar an mborradh atá faoin mbithéagsúlacht leis. Táimid fíorbhuíoch as comhpháirtíocht eFlow ar an tionscadal seo a léiríonn ceannaireacht ar ghnólachtaí a chuidíonn leis an mbithéagsúlacht”. 

Agus é ag trácht ar an seoladh, dúirt Roisin Barton Murray, Bainisteoir Faisnéise Poiblí eFlow de chuid Bonneagar Iompair Éireann “Tá an-áthas orainn urraíocht a dhéanamh ar an tionscnamh seo, chun daltaí a chumhachtú chun crainn agus fálta sceach a chur, agus foghlaim faoina dtimpeallacht áitiúil. Trí thacú leis an gclár seo, ní hamháin go bhfuil eFlow ag infheistiú sa chomhshaol ach sa chéad ghlúin eile dár maoir ar an gcomhshaol”.  

Is féidir le scoileanna ar spéis leo páirt a ghlacadh clárú ar www.biodiversityinschools.com/coill-na-nog