eFlow: Fógra Príobháideachais Aip MyTolls
1.1 Is é Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”) ainm oibriúcháin an Údaráis um Bóithre Náisiúnta i ndiaidh scaoileadh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus aistriú a feidhmeanna chuig an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta de réir Acht na mBóithre, 2015. Is é seo a leanas príomhsheoladh BIÉ - Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
1.2 Tá Turas Mobility Services Ltd (“Turas”) ceaptha ag BIÉ chun seirbhísí dola agus seirbhísí eile a chur ar fáil a bhaineann le hoibriú an chórais dola gan bhacainn eFlow ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear suíomh gréasáin eFlow.ie a chur ar fáil agus Aip MyTolls: eFlow (an “Aip”).
1.3 De bhrí go bhfuil Turas freagrach as an Aip a chur ar fáil thar ceann BIÉ, go ginearálta tá sé ag feidhmiú mar phróiseálaí aon sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear tríd an Aip seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil BIÉ freagrach as na sonraí seo a phróiseáil ina ról mar rialaitheoir sonraí den chineál sin.
2.1 Is é cuspóir an fhógra príobháideachais seo eolas a chur ar fáil duit maidir leis na sonraí pearsanta a bhaineann leat a d’fhéadfaí a bhailiú agus a phróiseáil nuair a fhaigheann tú rochtain ar agus nuair a úsáideann tú an Aip.
2.2 Tá do cheart chun príobháideachais á urramú go hiomlán ag Turas agus ag BIÉ agus caitheann siad leis na sonraí ar fad a bhailítear tríd an Aip seo de réir dlíthe cosanta sonraí infheidhme.
2.3 Tá faisnéis maidir le próiseáil do shonraí pearsanta nuair a úsáideann tú córas dolaí gan bhacainn eFlow ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, mar chustaiméir neamhchláraithe nó nuair a osclaíonn agus nuair a choimeádann tú cuntas eFlow custaiméara chláraithe, ar fáil ar leithligh ar Fógra um Chosaint Sonraí eFlow.
3.1 Ní bhaileoimid aon fhaisnéis fút is féidir a úsáid chun tú a aithint go pearsanta nuair a úsáideann tú an Aip seo mura roghnaíonn tú a leithéid sin d’fhaisnéis a chur ar fáil dúinn. Braitheann an fhaisnéis a bhailímid ar na roghanna a roghnaíonn tú nuair a úsáideann tú an Aip.
3.2 Féadfaidh Turas na sonraí pearsanta seo a leanas, maidir leat, ar fad, nó cuid acu, a bhailiú agus a phróiseáil thar ceann BIÉ:
| Catagóir na Sonraí Pearsanta | Cur Síos |
| Sonraí Aipe |
|
| Sonraí Teagmhála |
|
| Sonraí Dola agus Pionóis |
|
| Sonraí Íocaíochta |
Sonraí Sparáin Dhigitigh (e.g. Apple Pay) |
| Sonraí Cumarsáide |
|
| Sonraí Próifíle Mear-rochtana (i.e. úsáideoirí bóithre dola a chruthaigh próifíl ar an Aip ach nach bhfuil cuntas eFlow atá cláraithe go hiomlán acu) |
|
| Sonraí an Chuntais Chláraithe (i.e. Úsáideoirí bóithre dola a bhfuil cuntas cláraithe eFlow acu) |
|
| Cuardach Sonraí Cuntais Neamhchláraithe (sa chás go n-ascnaíonn feithiclí atá ábhartha do chuntas neamhchláraithe nó le próifíl Mhear-rochtana chuig cuntas atá cláraithe go hiomlán) |
|
| Sonraí PIN chun críche PIN a aisghabháil / Pionóis a íoc |
|
Go ginearálta, bailítear aon sonraí pearsanta a bhaineann leat a phróiseálaimid go díreach tríd an Aip seo má roghnaíonn tú an fhaisnéis sin a chur ar fáil dúinn. Tá eolas maidir le tuilleadh foinsí sonraí pearsanta a d’fhéadfaimis a bhailiú fút le fáil i bhFógra Cosanta Sonraí eFlow
5.1 Tá na sonraí pearsanta a bhfuil cur síos déanta orthu thuas á bpróiseáil againne agus ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí atá ag gníomhú ar ár son. Is iad seo a leanas na Bunúis Dlí atá le bailiú, próiseáil agus aistriú do chuid sonraí pearsanta chun na críche seo:
- Sa chás go bhfuil a leithéid de phróiseáil riachtanach chun cúraimí a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail agus/nó chun údarás oifigiúil a fheidhmiú atá dílsithe in BIÉ (“Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil”);
- Sa chás go bhfuil a leithéid de phróiseáil riachtanach chun conradh a fheidhmiú leat nó sa chás go bhfuil sé riachtanach céimeanna a chur i gcrích ar iarratas uait sula nglactar páirt i gconradh leat (“Conradh”); agus
- Do thoiliú (“Toiliú”), más é sin an cás, iarrfar ort léargas dearfach a thabhairt maidir leis an toiliú sin.
6.1 Próiseálaimid sonraí pearsanta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
| Cuspóirí | Catagóirí Sonraí Pearsanta | Bunúis Dlí |
| Déan iarracht a chinntiú go mbeidh sé níos éasca d’úsáideoirí an Aip seo a úsáid, foghlaim faoi líon úsáideoirí na hAipe agus faoin gcineál teicneolaíochta a úsáideann ár gcustaiméirí chun rochtain a fháil ar an Aip | Sonraí Aipe Tabhair faoi deara, nach bhfuil faisnéis maidir le húsáideoirí aonair i rith a seisiún úsáideoirí á rianú nó á taifeadadh againn. Féadfaimid staitisticí comhiomlána maidir lenár n-úsáideoirí a thiomsú agus a thuairisciú i dtéarmaí líon, patrún tráchta agus faisnéis a bhaineann leis an suíomh. Ní bheidh aon fhaisnéis is féidir a úsáid chun duine a aithint go pearsanta san áireamh in aon staitistic dá leithéid. | Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil de bhua Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
| Chun freagairt d’fhiosrúcháin agus do ghearáin trí Chomhrá Gréasáin, an Fhoirm Fiosrúcháin Ghinearálta, an Fhoirm um Achomharc Pionós, an Fhoirm Fiosrúcháin Aistear nó an Fhoirm Fiosrúcháin Íocaíochta nó aon fhoirm theagmhála eile – ní úsáidtear faisnéis a bhailítear ar an tslí seo ach chun déileáil le d’fhiosrúchán. Stóráiltear do shonraí pearsanta go slán agus ní choinnítear iad do thréimhse níos faide ná mar is gá. | Sonraí Cumarsáide
| Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil de bhua Alt 17(1), 17(2) agus 19(3) d’Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
| Do chuntas eFlow a chlárú agus a bhainistiú | Sonraí Cuntais Chláraithe | Conradh |
| Do Phróifíl Mhear-rochtana a chlárú agus a bhainistiú | Sonraí do Phróifíle Mear-rochtana | Conradh |
| D’íocaíocht dola nó pionós a phróiseáil | Sonraí Íocaíochta Sonraí Teagmhála Sonraí do Phróifíle Mear-rochtana Sonraí Cuntais Chláraithe Sonraí Dola agus Pionóis | Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhua alt 59(1) d’Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) agus Fodhlí 5 agus Fodhlíthe don M50 (idir Acomhal 6 agus 7) ( “Fodhlíthe an M50”) Conradh (i ndáil le custaiméirí eFlow cláraithe agus custaiméirí Mear-rochtana)
|
| Do dholaí neamhíoctha a aistriú go dtí do chuntas cláraithe | Sonraí Cuntais Chláraithe Cuardach Sonraí Cuntais Chláraithe Sonraí do Phróifíle Mear-rochtana Sonraí Dola agus Pionóis | Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhua alt 59(1) d’Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) agus Fodhlí 5 agus Fodhlíthe don M50 (idir Acomhal 6 agus 7) ( “Fodhlíthe an M50”)
Toiliú
|
| Uimhir PIN a sheoladh chugat mura bhfuil cuntas cláraithe eFlow agat agus má iarrann tú uimhir PIN | Sonraí PIN | Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhua Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
| Ríomhphost nó fógraí SMS a sheoladh mura bhfuil cuntas cláraithe eFlow agat agus má liostáil tú chun a leithéid de chumarsáid a fháil | Sonraí Cumarsáide | Toiliú |
| Brúfhógraí a sheoladh chugat tríd an Aip má tá próifíl Mhear-rochtana agat agus má liostáil tú chun a leithéid de chumarsáid a fháil | Sonraí do Phróifíle Mear-rochtana | Toiliú |
6.2 Ní bhailímid ná ní phróiseálaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoirí Aipe d’aon turas. Má chuireann tú sonraí pearsanta a bhaineann le catagóir speisialta ar fáil dúinn, i ndáil le gearán nó fiosrúchán mar shampla, is iad seo a leanas na bunúis dlí atá mar bhonn leis na cúiseanna a d’fhéadfaimis sonraí catagóirí speisialta a bhaineann leat a bhailiú, a phróiseáil agus a aistriú (e.g. sonraí a bhaineann le sláinte):
(a) tá sé seo riachtanach do chúiseanna suntasacha a bhaineann le leas an phobail; nó
(b) tá toiliú sainráite tugtha agat maidir lena leithéid sin de phróiseáil.
6.3 Má theastaíonn tuilleadh sonraí uait maidir leis na cúiseanna a mbíonn do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn chun seirbhísí eFlow a chur ar fáil duit go ginearálta, féach ar Phríomhfhógra Cosanta Sonraí eFlow.
7.1 I ndáil leis an Aip, is iad seo a leanas príomhfhaighteoirí na sonraí pearsanta atá a bpróiseáil ag BIÉ:
| Faighteoir Sonraí Pearsanta | Cuspóir na Próiseála |
| Turas Mobility Services Ltd. | Chun eFlow a oibriú agus a bhainistiú |
| Cuideachta Neamhtheoranta Abtran | Fochóras na gcainéal custaiméara a óstáil agus a oibriú |
| VPTI Solutions Private Limited | Tacú le seirbhísí a bhaineann le hoibriú eFlow |
| ViaPlus Europe Limited | Tacú le seirbhísí a bhaineann le hoibriú eFlow |
| Payzone Ireland Ltd | Seirbhísí íocaíochta cárta a chur ar fáil |
| InnoCraft Ltd (Matomo) | Seirbhísí anailísíochta sonraí le haghaidh eFlow: Aip My Tolls |
| MOJO Web Solutions LLC | Forbairt, tacaíocht agus cothabháil Aip My Tolls: eFlow |
| Twilio Inc. | Chun fógraí SMS a sheoladh chuig custaiméirí nuair a roghnaítear a leithéid |
| Twilio SendGrid | Chun fógraí ríomhphoist a sheoladh chuig custaiméirí nuair a roghnaítear a leithéid |
| Drupal | Creat bainistíochta ábhair a fhorbairt a bheidh mar bhonn leis an Aip |
| W5 Marketing Intelligence Ltd | Suirbhéanna sástachta custaiméirí a sheoladh |
| Pierse Fitzgibbon Solicitors LLP | Seirbhísí forfheidhmithe a chur ar fáil do dholaí atá neamhíoctha ag feithiclí teaghlaigh |
7.2 Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na críocha thuas, sna himthosca seo a leanas:
7.3 Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt lenár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse a chabhraíonn linn chun gnéithe dár seirbhísí agus feidhmeanna a chur ar fáil, cosúil lenár bpróiseálaí cárta íocaíochta, conraitheoirí baincéireachta agus comhfhreagrais phriontála/phoist, soláthraí/soláthraithe seirbhíse forfheidhmithe eFlow, Údaráis Cheadúnaithe Feithiclí Eachtracha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.
- Sa chás go gceapann BIÉ oibritheoir nua eFlow, féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt leis an oibritheoir nua seo chun aistriú éifeachtach chuig an oibritheoir nua a éascú agus a chun leanúnachas seirbhíse a chinntiú do chustaiméirí eFlow i rith aon tréimhse aistrithe.
- Sa chás go bhfuil dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dlí a chomhlíonadh nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht eFlow, a chustaiméirí nó daoine eile a chosaint. Chomh maith leis sin, féadfaimid faisnéis a roinnt faoin tslí a n-eagraíonn tú do chuntas le gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa.
- Nuair is gá nó nuair a cheadaítear de réir an dlí, féadfaimid do shonraí pearsanta a roinnt le húdaráis agus le comhlachtaí poiblí eile, cosúil leis na Gardaí nó údaráis forfheidhmithe dlí eile chun críche coireacht a chosc, a scrúdú nó a bhrath.
- Chomh fada is a bhaineann le hidirbhearta dola idir-inoibritheacha a chur ar fáil in Éirinn, féadfaimid do shonraí pearsanta a roinnt le hoibritheoir comhoiriúnach ábhartha.
- Féadfaimid sonraí pasáiste dola a roinnt le príomhpháirtithe leasmhara, e.g. An Roinn Iompair, chun críche taighde agus anailíse staitistiúla.
- Chun críche comórtais a reáchtáil thar ceann BIÉ, féadfaimid, faoi réir toiliú a fháil uait, d’ainm, seoladh ríomhphoist agus sainroghanna margaíochta a chuir tú ar fáil dúinn a nochtadh.
- Sa chás go bhfuil cead againn a leithéid a dhéanamh de réir an dlí.
Má theastaíonn tuilleadh sonraí uait maidir le faighteoirí do shonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí eFlow go ginearálta, féach ar Phríomhfhógra Cosanta Sonraí eFlow.
8.1 Tá fianáin in úsáid ag an Aip seo.
8.2 Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir leis an tslí a n-úsáideann an Aip seo fianáin agus maidir le do roghanna chun glacadh le nó chun diúltú d’fhianáin, féach ar ár mBeartas trí chliceáil anseo.
9.1 I ndáil leis na nochtaí sonraí pearsanta dá dtagraítear dóibh in alt 6 thuas, féadfaimid do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach bhfuil aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach mar sheirbhís a sholáthraíonn leibhéal cosanta comhionann do shonraí pearsanta leis an leibhéal a sholáthraítear san Aontas Eorpach. Beidh a leithéid i gceist sa chás go bhfuil faighteoir sonraí pearsanta bunaithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cosúil le VPTI Solutions Private Limited san India agus MOJO Web Solutions LLC i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Más rud é go ndéanaimid amhlaidh agus a mhéid a ndéanaimid amhlaidh, cinnteoimid go mbeidh bearta oiriúnacha bunaithe faoi dhlí infheidhme atá ag rialú a leithéid sin d’aistrithe, a bhféadfadh páirt a ghlacadh i gconradh atá ag rialú an aistrithe ina bhfuil ‘clásail chonarthacha chaighdeánacha’ atá ceadaithe chun na críche seo ag an gCoimisiún Eorpach, a bheith i gceist leis. I láthair na huaire, is iad na clásail chonarthacha chaighdeánacha seo an bunús ar a gcinntíonn eFlow gur féidir aistrithe a dhéanamh ar shlí atá comhlíontach le dlí cosanta sonraí infheidhme.
9.2 Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach chun cinneadh a dhéanamh, ar bhonn Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS), maidir le cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn tír lasmuigh den AE leibhéal oiriúnach cosanta sonraí. Sa chomhthéacs seo, braitheann eFlow ar leordhóthanacht cinntí i ndáil le haistrithe chuig Innocraft Ltd. sa Nua-Shéalainn agus W5 Marketing Intelligence Ltd sa Ríocht Aontaithe.
9.3 Tá tuilleadh sonraí maidir leis na bearta atá curtha i gcrích sa chomhthéacs seo le fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos.
Coinneofar do shonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn ar fhreastalaithe slána atá a n-óstáil ag Turas. Mar gheall ar an tslí a n-oibríonn an t-idirlíon ní féidir linn slándáil aon fhaisnéise a aistríonn tú chugainn tríd an Aip a ráthú. É sin ráite, tá glactha againn le bearta slándála oiriúnacha teicniúla agus eagraíochtúla chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe agus in aghaidh próiseáil atá mídhleathach, caillteanas, díothú nó damáiste trí thionóisc. Chomh maith leis sin, cinnteoimid go gceanglaítear ar ár ngníomhairí nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, a phróiseálann do shonraí, do shonraí a choinneáil sábháilte agus slán.
Tá na cearta seo a leanas agat, in imthosca áirithe, i ndáil le do shonraí pearsanta:
- An ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí – Tá an ceart agat chun iarratas a dhéanamh ar chóip de na sonraí pearsanta maidir leat atá inár seilbh, mar aon le faisnéis eile maidir leis an tslí a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta sin.
- An ceart go ndéanfaí ceartúcháin – Tá an ceart agat chun iarratas a dhéanamh ar aon sonraí míchearta fút atá á sealbhú a cheartú, nó sa chás go bhfuil faisnéis neamhiomlán maidir leat inár seilbh, tá an ceart agat chun iarratas a dhéanamh go ndéanfaimid nuashonrú ar an bhfaisnéis ionas go mbeidh sí iomlán.
- An ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Tá an ceart agat chun iarratas a dhéanamh go scriosfaimid na sonraí pearsanta maidir leat atá inár seilbh. Uaireanta, an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad a thugtar air seo.
- An ceart go gcuirfí srian le próiseáil – Tá an ceart agat chun iarratas a dhéanamh nach mbeadh do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn níos mó do chríocha áirithe.
- An ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh do shonraí pearsanta a phróiseáil – Tá an ceart agat chun agóid a dhéanamh in aghaidh do shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil againn do chríocha áirithe.
- An ceart chun iniomparthachta sonraí – Tá an ceart agat chun do shonraí pearsanta a fháil, atá curtha ar fáil agat dúinn, i bhformáid mheaisín-inléite struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta nó a cheangal orainn go mbeadh na sonraí sin á dtarchur chuig rialaitheoir eile.
- An ceart chun do thoiliú a aistarraingt – sa chás go bhfuil an phróiseáil a ndéanaimid ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha agat, tá an ceart agat chun do thoiliú don phróiseáil a aistarraingt ag am ar bith.
Tabhair faoi deara nach bhfuil na cearta seo absalóideach agus go bhfuil siad faoi réir srianta agus díolúintí áirithe. Mar shampla, ní bheidh feidhm leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh sa chás go bhfuil cúis dhlisteanach againn chun leanúint ar aghaidh lena leithéid de shonraí a choinneáil agus féadfaimid leanúint ar aghaidh le do shonraí pearsanta a phróiseáil, ainneoin agóid a fháil uait, sa chás go bhfuil forais dhlisteanacha láidre againn chun an phróiseáil a dhéanamh a sháraíonn do leasanna, cearta agus saoirsí.
Chun aon cheann de na cearta thuasluaite a fheidhmiú, déan teagmhail linn trí na sonraí teagmhála a úsáid.
12.1 Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach don tréimhse is faide agus is gá chun na críocha lenar bailíodh na sonraí a chomhlíonadh, lena n-áirítear chun críocha aon cheanglas dlí, cuntasaíochta nó tuairiscithe a chomhlíonadh agus má tá a leithéid ábhartha chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh a bheith ann idir tusa agus BIÉ.
12.2 Braitheann ár dtréimhsí coinneála ar an gcineál catagóirí sonraí pearsanta a choinnítear. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le tréimhse choinneála oiriúnach do na sonraí pearsanta, déanaimid machnamh ar mhéid, nádúr agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca díobhála a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid neamhúdaraithe nó le nochtadh do shonraí pearsanta, na críocha lena bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cibé acu an féidir nó nach féidir linn na críocha seo a chomhlíonadh trí mhodhanna eile, agus na ceanglais dlí infheidhme.
Ó am go ham, d’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh ár bhfógra príobháideachais a athrú, ach cuirfear aon athrú san áireamh san Aip chun tú a choinneáil ar an eolas faoin tslí a mbailímid, a úsáidimid agus a nochtaimid faisnéis. Más rud é, ag am ar bith, go gcinnimid sonraí pearsanta a úsáid ar bhealach an-difriúil leis an mbealach a sonraíodh san fhógra príobháideachais seo nó a nochtaíodh duit ag an am ar bailíodh na sonraí, cuirfimid fógra ar fáil duit, agus beidh rogha agat maidir le cead a thabhairt dúinn nó gan cead a thabhairt dúinn d’fhaisnéis a úsáid ar an mbealach nua.
14.1 Má tá aon cheist nó gearán agat maidir leis an úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí eFlow trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos.
14.2 Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le eFlow mar seo a leanas:
- tríd an bpost: An tOifigeach Cosanta Sonraí, Turas Mobility Services Limited, Bloc 8, Ionad Harcourt, Bealach Charlotte, Baile Átha Cliath, D02 K580
- trí r-phost: dataprotection@eflow.ie
- tríd an teileafón: 0818 50 10 50 (Idirnáisiúnta: +353 1 4610122)
- trí úsáid a bhaint as Comhrá Gréasáin le foireann eFlow nó trí rochtain a fháil ar an réimse Cabhrach & Tacaíochta ar an Aip.
14.3 Nó, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ mar seo a leanas:
- tríd an bpost: An tOifigeach Cosanta Sonraí, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10
- tríd an teileafón: +353 1 646 3600
- trí r-phost: dataprotection@tii.ie
14.4 Tá tuilleadh faisnéise maidir le cosaint sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie.
14.5 Tá an ceart agat chun gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an tslí a bhfuil d’fhaisnéis úsáidte againn nó leis an tslí ar dhéileálamar le do chearta. Tá sonraí maidir leis an gcaoi chun gearán a thaisceadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Nuashonraithe: 06 Bealtaine 2026